Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Written Answers. - Postanna sna Ceantair Ghaeltachta.

Robert Molloy

Question:

42 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl don Teach líon na bpost nua a cruthaíodh sna ceantair Ghaeltachta le bliain anuas; agus cé mhéad post a cailleadh sa tréimhse chéanna; an gcuirfidh sé in iúl freisin cén polasaí a chuirfear i bhfeidhm chun an fhostaíocht sna Gaeltachtaí a chaomhnú agus fostaíocht bhreise a chruthú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin gcás.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 974 phost nua lánaimseartha ar an bhfód i dtionscail faoina scáth sa Ghaeltacht sa bhliain 1992 ach gur cailledh 920 post rud a d'fhag nach raibh ach glanmhéadú de 54 phost ann ag deireadh na bliana sin.

Tá sé ráite sa Clár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta go mbeidh an tÚdarás ag cur lena gcuid iarrachtaí ní amháin chun fostaíocht bhreise a chruthú sa Ghaeltacht ach freisin chun an fhostaíocht atá inti a chaomhnú. Maidir le fostaíocht a chruthú leanfar go dícheallach leis an obair chun tionscail fhiúntacha a aimsiú ó bhunadh na Gaeltachta féin agus ó lasmuigh di agus beidh an gnáthchúnamh le fáil ón Udarás chun tionscnaimh a bhunú sa Ghaeltacht.

Is fadhb mhór í líon na bpost a chailltear sa Ghaeltacht gach bliain agus ní foláir treán-iarracht a dhéanamh chun an fhadhb sin a mhaolú. Chun na críche sin beidh an tÚdarás ag tabhairt faoin obair ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos agus iarratais ar chúnamh á scrúdú an chéad lá bainfear feidhm as dianchritéir mheasúnaithe d'fhonn a chinntiú, oiread agus is féidir, gur tograí inmharthana a roghnófar le haghaidh cabhrach. Chomh maith leis sin tabharfar faoi na laigeachtaí a thagann chun cinn i gcomhlachtaí Gaeltachta maidir le táirgiocht, margaíocht, airgeadas, etc., a chur ina gceart oiread agus is féidir d'fhonn na poist sna comhlachtaí sin a chaomhnú agus a mhéadú más féidir.

Top
Share