Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

James McDaid

Question:

44 D'fhiafraigh Dr. McDaid den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé cur síos iomlán ar an scéim nua labhairt na Gaeilge atá tionscnaithe ag a Roinn le déanaí.

Mary Harney

Question:

47 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé miontuairiscí faoin scém nua deontas do labhairt na Gaeilge faoi bhráid an Tí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin scéim.

Tógfaidh mé Ceist a 44 agus Ceist a 47 le chéile.

Tá athbhreithniú déanta ag mo Roinnse ar Scéim Labhairt na Gaeilge agus tá scéim nua á chur i bhfeidhm sna limistéir Ghaeltachta don scoilbhliainreatha 1993-94. Is é cuspóir na Scéime muintir na Gaeltachta a spreagadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach agus an pobal labhartha Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a láidriú.

Tá an scéim nua dírithe ar theaghlaigh seachas ar dhaltaí aonaracha agus is deontas mar seo a leanas a bheidh iníochta in aghaidh na scoilbhliana.

—£200 le teaghlach le triúr nó níos mó dalta scoile; agus

—£100 le teaghlach le beirt nó níos lú dalta scoile.

Ní mór do na teaghlaigh mo Roinnse a shasámh:

(a) gurb í an Ghaeilge a ngnáththeanga labhartha agus go bhfuil líofacht nádúrtha dá réir acu,

(b) go bhfuil cónaí orthu sna Limistéir Ghaeltachta,

(c) go bhfuil na daltaí i gceist os cionn cúig bliana d'aois ar 1 Eanáir sa scoilbhliain i gceist; agus

(d) go raibh na daltaí i gceist ag freastal mar scoláirí lae ar bhunscoileanna agus/nó iarbhunscoileanna ar feadh formhór na scoilbhliana.

Mura bhfuil an t-ardchaighdeán atá riachtanach don scéim ag teaghlach is féidir deontas laghdaithe (50 faoin gcéad) a íoc leis an teaghlach ach mo Roinnse a bheith sásta go bfuil ar a gcumas an t-ardchaighdeán cuí a bhaint amach laistigh den thréimhse trí bliana.

Tá bileog eolais faoin scéim nua mar aon le foirmeacha iarratais don scoilbhliain reatha le fáil ó oifigí áitiúla mo Roinnse-se agus ní mór na foirmeacha comhlánaithe a bheith seolta chuig ceann de na hoifigí sin roimh 26 Samhain 1993.
Top
Share