Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Written Answers. - Achill (Mayo) Gaeltacht.

Enda Kenny

Question:

50 Mr. E. Kenny asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the efforts being made to provide employment in the Achill Gaeltacht; the present numbers employed on the industrial estate there; the square footage of factory space vacant at present; and if he will make a statement on the matter.

Donegal South-West): Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl acu d'fhonn tionscail nua a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil do mhuintir Acla. Tá feidhmeannach forbartha de chuid an Údaráis lonnaithe go lánaimseartha i mBéal an Mhuirthead agus tugann an duine sin cuairt sheachtainiúil ar Acaill chun an pobal áitiúil a spreagadh chun deiseanna forbartha ina gceantar féin a aithint agus a bhrú ar aghaidh le tacaíocht ón Údarás. Leanfar leis an hiarrachtaí ar ndóigh, chun lucht tionscail ó lasmuigh den oileán a mhealladh chun tionscnaimh a bhunú ann.

Le bliain anuas tá béim ar leith á cur ag an Údarás ar fhorbairt acmhainní nádúrtha an oileáin agus ar fhorbairt an tionscal sliogéisc ach go háirithe. Tá cúnamh substaintiúil ceadaithe ag an eagraíocht ó thús na bliana do thograí sliogéisc in Acaill agus táthar ag súil leis go n-eascróidh tuilleadh fostaíochta as na tionscnaimh i gceist sar i bhfad.
Tuigim ón Udarás go bhfuil 14 dhuine fostaithe go lánaimseartha agus duine amháin ar bhonn páirtaimseartha (séasúrach) i dtionscail faoina scáth in Acaill i láthair na huaire. Tá 2,212 mhéadar cearnach de spás tionsclaíoch an Údaráis ar Eastát Tionscail Bun an Chorraigh folamh faoi láthair.
Top
Share