Written Answers. - Seirbhís trí Ghaeilge.
Robert Molloy
Question:
104
D'fhiafraigh
Mr. Molloy
den
Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta
an gcuirfidh sé in iúl an bhfuil clár gníomhaíochta don tréimhse chuig deireadh 1993 Ag Cothú ár d Teanga, ár gCultúir agus ár nOidhreachta curtha ar aghaidh ag gach Roinn agus eagrais Stáit chuig Bord na Gaeilge mar atá leagtha síos ins na treoirlinte aontaithe aige chun feidhm a thabhairt do pholasaí an Rialtais atá leagtha síos sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta 1993-1997 agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin gcás.
Bhí seirbhís iomlán trí Ghaeilge á cur ar fáil i gcónaí don phobal ag Roinn na Gaeltachta agus ag na comhlachtaí Stáit faoina scáth agus tá an scéal amhlaidh fós laistigh de struchtúr nua na Roinne Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.
Tá céimeanna á nglacadh — ar a n-áirítear ranganna Gaeilge laistigh d'uaire oifige don fhoireann — le go mbeidh seirbhís trí Ghaeilge á cur ar fáil ag na rannóga eile sa Roinn agus ag na hinstitiúidí agus comhlachtaí Stáit eile faoina scáth. Tá ar intinn agam brú ar aghaidh leis na céimeanna sin le go mbeidh mo Roinnse i gcoitinne agus na hinstitiúidí agus comhlachtaí Stáit faoina coimirce ina ndea-eiseamláir don tseirbhís phoiblí.
Maidir le Ranna agus eagrais/ áisínteachtaí eile, is mian liom a threisiú go bhfuil dualgas sonrach ar gach ceann ar leith acu gach is féidir a dhéanamh chun seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar don phobal. Ar ndóigh, tá dearcadh an Rialtais faoin gceist seo leagtha síos go soiléir saChlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta 1993-1997 agus, faoi mar is eol don Teachta, tá scríofa agam chuig an Taoiseach, an Tánaiste agus gach Aire eile ag iarraidh a dtacaíocht chun go mbainfí spriocanna an Chláir amach ina gcuid Ranna féin.
Ar mhaithe le freagra comhordaithe a chur ar fáil, d'iarr mo Roinnse eolas suas chun dáta ó na Ranna éagsúla maidir leis an dul chun cinn atá déanta acu chun clár gníomhaíochta a sholáthar agus tá clár gníomhaíochta a sholáthar agus tá achoimre de na freagraí a fuarthas uathu leagtha amach sa tábla leis seo.
Maidir leis na heagrais/áisínteachtaí Stáit, is eol don Teachta go bhfuil líon mór díobh ann agus is léir go mbainfidh obair shuntasach le clár gníomhaíochta cuí a dhéanamh amach do gach ceann acu. De réir na dtuairisc atá faighte ó na Ranna éagsúla, tá dul chun cinn déanta ag eagrais áirithe ach tá obair mhór le déanamh ag cuid acu go fóill.
Níl amhras ach go dtógfaidh sé tamall chun an dul chun cinn atá uainn a bhaint amach agus is dóigh liom go gcaithfear a admháil go raibh na spriocann a leagadh síos ró-dhóchasach. Tig leis an Teachta glacadh leis, áfach, go mbeidh gach iarracht á dhéanamh ag mo Roinnse, I gcomhar le Bord na Gaeilge, d'fhonn féachaint chuige go ndéanfar an oiread dul chun cinn agus is féidir thar tréimhse an Chláir le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta.
TÁBLA
Roinn
|
Clár Gníomh aíochta
|
Roinn an Taoisigh
|
Á chríochnú faoi láthair
|
Oifig an Tánaiste
|
Curtha ar fáil
|
An Roinn Airgeadais
|
Á ullmhú
|
An Roinn Leasa Shóisialaigh
|
Curtha ar fáil
|
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
|
Curtha ar fáil
|
An Roinn Dlí agus Cirt
|
Áullmhú
|
An Roinn Fiontar agus Fostaíochta
|
Áullmhú
|
Roinn Comhshaoil
|
Curtha ar fáil
|
An Roinn Cosanta
|
Curtha ar fáil
|
Roinn na Mara
|
Á ullmhú
|
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta
|
Curtha ar fáil
|
An Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide
|
Curtha ar fáil
|
An Roinn Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
|
Curtha ar fáil
|
An Roinn Sláinte
|
Á ullmhú
|
An Roinn Oideachais
|
Curtha ar fáil
|
An Roinn Turasóireachta agus Trádála
|
Á ullmhú
|