Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 9 Dec 1993

Vol. 437 No. 1

Written Answers. - Bord Údarás na Gaeltachta.

Robert Molloy

Question:

114 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén tréimhse ballraíochta atá ag gach ball de Bhord Údarás na Gaeltachta.

, Donegal South West): Tá an Cathaoirleach (Seán Ó Neachtain Uas.) agus an cúigear comhalta eile seo a leanas ceaptha ag an Aire d'Údarás na Gaeltachta go dtí 30 Meitheamh 1996: Eibhlín Ní Choistealbha Uas.; Feardorcha Ó Colla Uas.; Pádraig Ó Conmhúcháin Uas.; Seán Ó Créabháin Uas.; Eibhlín Uí Chuirreáin Uas.

Beidh an seachtar comhalta tofa seo a leanas i seilbh oifige go dtí lá vótaíochta an chéad toghcháin eile don Údarás: Breandán Mac Gearailt Uas.; Pádraig Ó Ceallaigh Uas.; T. P. Ó Conchúir Uas.; Seosamh Ó Cuaig Uas.; Tadhg Ó Cuinn Uas.; Pádraig Ó Dochartaigh Uas.; Pól Ó Foighil Uas.

Top
Share