Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Jan 1994

Vol. 437 No. 6

Written Answers. - Foireann Teagaisc Scoile Náisiúnta.

Éamon Ó Cuív

Question:

122 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici an uimhir ag a gcailltear oide i scoileanna dhá oide, trí oide agus ceithre oide a laghdú tuilleadh de bharr na titime atá ar an ráta breithe, agus na titime daonra i go leor ceantar tuaithe.

Braitheann an méid oidí atá ceadaithe ar fhoireann teagaisc scoile náisiúnta ar an uimhir daltaí a bhí ar rollaí na scoile ar 30 Meán Fómhair don bhliain roimh ré. Faoi latháir tá gá le minimum de 26, 60 agus 94 daltaí, faoi seach, a bheith ar rollaí ar an dáta sin chun post an chéad, an dara agus an tríú chúntora a choimeád.

Níl aon socraithe déanta ag an bpointe seo faoi athrú a dhéanamh don scoilbhliain 1994-95 san íosuimhir daltaí ag a mbeidh na postanna i gcoitinne á gcoimeád sa scoilbhliain sin. Beidh mo Roinnse ag plé na ceiste sin leis na húdarásaí bainístíochta agus le Cumann Múinteorí Éireann ar ball beag sara gcinnfear ar socrú faoin scéal.

Top
Share