Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Feb 1994

Vol. 439 No. 3

Written Answers. - Céibheanna nua Inis Meáin agus Inis Oírr.

Robert Molloy

Question:

41 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé gach eolas faoin méid oibre a dhéanfar ar obair thógala ar na céibheanna nua le haghaidh Inis Meáin agus Inis Oírr sa bhliain 1994.

Is é clár oibre Roinn na Mara i 1994 i ndáil leis na hoibreacha mara i gceist ná leathnúcháin 57 méadar ar fhad a chur leis na céibheanna atá ann cheana féin ag an gCóra, Inis Meáin, agus ag an Trá Thuaidh, Inis Oírr. Meastar go gcuirfear tús leis an obair thógála an mhí seo chugainn agus leanfar léi, ach an aimsir a bheith oiriúnach, go dtí mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Tá réamhobair i ndáil le hobair thógála na bliana seo ar siúl cheana féin.

Top
Share