Éamon Ó Cuív
Question:46 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an mbeadh sé sásta glacadh le hiarratais faoi Scéim Labhairt na Gaeilge, ó dhaoine ó Ghaeltacht Chonamara a raibh orthu glacadh le tithe comhairle contae taobh amuigh de theorainneacha na Gaeltachta mar nach bhfuil an scéim tithíochta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i nGaeltacht Chonamara.