Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Feb 1994

Vol. 439 No. 3

Written Answers. - Coláistí Samhraidh: Deontais.

Liz O'Donnell

Question:

51 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é méid an deontais a íocann a Roinn i leith gach dalta a dhéanann freastal ar chúrsa Gaeilge i gColáiste Samhraidh sa Ghealtacht; agus an bhfuil sé ar intinn aige é a mhéadú i mbliana arís.

, Donegal South-West): Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge íocann mo Roinnse £3.50 in aghaidh an lae i leith gach foghlaimeora aitheanta a bhíonn ar iostas le mná tí Gaeltachta agus íocadh deontais faoin Scéim i leith 23,110 ndalta i 1993. Níl sé i gceist méadú a dhéanamh ar an deontas sin i mbliana.

Top
Share