Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Feb 1994

Vol. 439 No. 3

Written Answers. - Oideachas Dara Leibhéil agus Tríú Leibhéil Trí Ghaeilge.

Trevor Sargent

Question:

137 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais an ndéanfaidh sí cur síos iomlán, de réir contae más féidir, ar an soláthar atá ann d'oideachas ar an dara agus tríú leibhéal do pháistí atá ag freastal ar bhunscoileanna lán Ghaelacha ionas gur féidir leo leanacht lena gcuid oideachais trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ar an ábhar.

Tagann sé le polasaí mo Roinne soláthar a dhéanamh do oideachas trí Ghaeilge ag dara leibhéal nuair a bhíonn éileamh air agus nuair a bhíonn dóthain tacaíochta ann, go háirithe ó thaobh líon na mac léinn a bheadh ar lorg oideachais trí Ghaeilge san Scoilcheantar san am i láthair agus sa todhchaí.

Aitheantas coinníollach amháin a thugtar do scoil nua lán-Ghaelach i dtús báire go dtí go mbítear sásta go n-éireóidh léi. Le linn na tréimhse sin, a mhaireann roinnt bhlianta, is cúram é d'údaráis na scoile cóiríocht shealadach a chur ar fáil.

Féachtar le cóiríocht bhuan a chur ar fáil do scoil lán Ghaeilge a luaithe is a thugtar aitheantas seasmhach di.

Ar na leatháin iniata tá liosta den soláthar iomlán, de réir contae, atá ar fáil d'oideachas lán Ghaeilge ag an dara leibhéal faoi láthair. Tá sé beartaithe agam an liosta seo a chur ar fáil i dtaca leis an Tuairisc Oifigiúil.
Níl an córas oideachais triú leibhéal curtha ar fáil de réir contae ach tá dualgas faoi leith ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, cúrsaí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Taobh amuigh de sin tá cúrsaí Lán Ghaeilge Teastas Náisiúnta i Staidéir Rúnaíochta i gColáiste Teicniúil Réigiúnach, Leitir Ceanainn, Cúrsa Teastas Náisiúnta i Staidéir Gnó i gColáiste Teicnúil Réigiúnach, Gaillimh agus cuirfear cúrsa nua Lán ghaeilge in Airgeadais, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht ar fáil in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn.
Soláthar Iar-Bhunoideachais Lánghaeilge de réir contae — 1993-94.
Aicmí
Scoil "A(1)"—Scoil ina bhfuil na hábhair ar fad, taobh amuigh den Bhéarla á múineadh trí meán an Ghaeilge.
Scoil "A(2)"— Scoil ina bhfuil "sruth" micléinn ag fáil oideachas trí meán an Ghaeilge.
Scoil "B"—Scoil ina bhfuil ábhar amháin, ar a laghad, taobh amuigh den Ghaeilge fhéín, á múineadh trí meán an Ghaeilge.
Aonad Lán Ghaeilge — Soláthar d'oideachas lár Ghaeilge, lonnaithe de gnáth, ar suíomh gairm-scoil agus faoi choimirce an Choiste Ghairmoideachais cuí.
Áth Cliath
Coláiste Mhuire, Cearnóg Pharnell —"A (1)".
Scoil Chaitríona, Br. Mobhí, BÁC, 9 —"A(1)".
Coláiste Eoin, Bóthar Stigh Lorgan —"A(1)".
Coláiste Iosagáin, Bóthar Stigh Lorgan —"A(1)".
Coláiste Chillian, Chluain Dolcáin —"A(1)".
Coláiste de híde, Tamhlacht —"A(1)".
Contae Cheatharlach
Gael Chloláriste Ceatharlach —"A1".
Contae Chiarraí
Gael-Choláiste Trá Lí —"A(1)".
Méan Scoil an Leith-Triúigh, Trá Lí —"B"sa Ghaeltacht.
Meán Scoil na mBráithre, An Daingean —
"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Meán Scoil na Toirbhirte, An Daingean —
"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Coláiste Ide, an Daingean —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Contae Chill Chainnigh
Gairm-Scoil Cill Chainnigh — Aonad Lán Ghaeilge.
Contae Chill Mhantáin
Coláiste Raithín, Brí Chualann — A (1).
Contae Chorcaí
Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair —"A(1)".
Scoil Mhuire, An Mainistir Thuaidh —"A(1)".
Gaelcholáiste Deisceart Chorcaí, Dúglas —"A(1)".
Coláiste Críost Rí, Br. Capwell, Chorcaigh —"B".
Coláiste Phobal Baile an Chollaig, Contae Chorcaí — Aonad Lán Ghaeilge.
Gairm-Scoil Eochaill, Contae Chorcaí — Aonad Lán Ghaeilge.
Coláiste Dáibhís (Gairm-Scoil), Mala, Contae Chorcaí — Aonad Lán Ghaeilge.
Scoil Ghobnatan, Baile Bhúirne —"A(1)"— sa Ghaeltacht.
Scoil Mhuire, Béal Átha 'nGhaorthaidh —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Contae an Chláir
Gairm Scoil Inis — Aonad Lán Ghaeilge.
Contae Dhún na nGall
An Ghairm Scoil, Arainn Mhóir —"A(1)"— sa Ghaeltacht.
Pobalscoil Ghaoth Dhobhair, Gaoth Dobhair —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
An Ghairm Scoil, Beal an Áth Móir, An Clochan —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Contae na Gaillimhe
Coláiste na Coiribe, Gaillimh —"A(1)".
Coláiste Iognáid, Gaillimh —"B".
Coláiste Croí Mhuire gan Smál, An Spideál —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Scoil Chuimsitheach, Naomh Ciaráin, An Cheathrú Rua —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Scoil Phobail Mhic Dara, Carna —"A(1)"— sa Ghaeltacht.
Gairmscoil an Phiarsaigh, Rosmuc —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Gairmscoil Fheichin Naofa, Corr na Móna —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Gairmscoil Cholmcille, Aille Thiar —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Contae Luimní
An Chlochar, D Ch I, Cnoc na Labhrás, Luimneach —"A(1)".
Ghairm-Scoil Caisléan Nua Thiar, Contae Luimní — Aonad Lán Ghaeilge.
Contae Lú
Coláiste Rís, Dún Dealgan —"A(2)".
Contae na Mí
Coláiste Phobail, Rath Cairn, Áth Buí —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Contae Mhuigheo
Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Coláiste Chomain, Ros Dumhach —"A(1)"— sa Ghaeltacht.
Contae Phort Láirge
Scoil San Nioclás, An Rinn, Dún Garbhán —"A(1)" - sa Ghaeltacht.
Top
Share