Pat Rabbitte
Question:112 D'fhiafraigh Mr. Rabbitte den Aire Oideachais cén uair a bheidh foirgneamh buan le fáil ag Gaelscoil de hÍde i dTamhlacht, Baile Atha Cliath 24.
Vol. 440 No. 6
112 D'fhiafraigh Mr. Rabbitte den Aire Oideachais cén uair a bheidh foirgneamh buan le fáil ag Gaelscoil de hÍde i dTamhlacht, Baile Atha Cliath 24.
Osclaíodh Coláiste de hÍde i Mí Meán Fomhair 1994 i gcóiríocht sealadach i dTamhlacht. Is faoi choimirce Coiste Gairmoideachas Condae Átha Cliath atá an scoil nua lán-Gaelach den dara leibheál seo.
Aitheantas coinníollach amháin, ar feadh sé bliain, a thugtar do scoil nua lán-Gaelach i dtús baire go dtí go mbítear sásta go n-éireodh léi. Le linn na tréimhse sin ní bheadh sé i gceist, de gnáth, cóiríocht buan a chur ar fáil.
Tá mo Roinn, i gcomhairle le Coiste Gairmoideachais Atha Cliath, chun scrúdú a dhéanamh ar staid na gcóiríochta atá ar fáil do Coláiste de hÍde, ó am go ham.