Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Apr 1994

Vol. 441 No. 1

Written Answers. - Inis Meáin Harbour.

Eamon Gilmore

Question:

41 Mr. Gilmore asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the plans, if any, he has for the provision of a fully sheltered harbour on Inis Meáin, Aran Islands, County Galway in view of the number of accidents, including one fatal incident, involving vessels off-loading cargo at the pier used at An Cora, Inis Meáin; and if he will make a statement on the matter.

Tá scéim chostasach saoráidí calaíochta a bhfuil tús curtha léi á airgeadú ag mo Roinnse ag an gCóra, Inis Meáin. Nuair a bheidh an obair curtha i gcrích, beidh báid fharantóireachta in ann teacht i dtír go sábháilte in aon aimsir go dtig leis na báid sin feidhmiú. Chomh maith leis sin, beidh feabhas mór ar na háiseanna d'iascairí agus do mhuintir an oileáin i gcoitinne.

Maidir le cuan uile aimsire a thógáil ar an oileán, níl sé indéanta a leithéid a chur ar fáil san am i láthair ag féachaint don chostas ollmhór a bhainfeadh leis an obair agus do na hacmhainní teoranta airgid atá ann.
Top
Share