Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 May 1994

Vol. 443 No. 1

Written Answers. - Reachtaíocht do Stádas Comhionnannais.

33. D'fhiafraigh

chun d'Aire Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, maidir leis an reachtaíocht do Stádas Comhionannais a bhfuiltear á dréachtadh i láthair na huaire, an gcuirfidh an reachtaíocht toirmeasc ar leatrom a bheith á dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus ar chainteoirí Gaeilge sa chuid eile den tír trí gan seirbhísí uile an Stáit a bheith ar fáil dóibh i nGaeilge agus an ndéanfaidh sé ráiteas ar an ábhar.

Beidh an reachtaíocht do stádas comhionannais bunaithe ar fhoras gnéis, stádas pósta nó tuismitheora, chlaonadh gnéis, creidimh, aoise, míchumias, cine, datha, náisiúntachta agus bhunadh náisiúnta nó eitneach ar a n-áirítear ballraíocht sa lucht siúil. Cé nach bhfuil mé in ann sonraí iomlána na reachtaíochta a thabhairt ag an bpointe seo, níl sé ar intinn agam go bpléifidh sí leis an fhadhb a luaitear sa cheist agus atá ina abhar gnímh ag mo chomhghleacaí, an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

Top
Share