Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 4, 11 agus 22 le chéile.
Meabhraím do Teachtaí an freagra a thug mé ar Cheist Uimhir 39 ar 23 Feabhra 1944, atá ar fáil i gcolúin 505 agus 506 de Thuairisc Oifigiúil an lae sin.
Mar a dúirt mé san fhreagra sin, chuir cruinniú den Chomhdháil Eadar-Rialtasach Angla-Éireannach ar 28 Eanáir 1944 comhthuairisc a chuir oifigigh Éireannacha agus Breataineacha le chéile maidir le leathnú a dhéanamh ar an bhfáil atá ar RTE i dTuaisceart Éireann rud a rachadh chun tairbhe do Theilifís na Gaeilge freisin — faoi mo bhráidse agus faoi bhráid an Rúnaí Stáit d'Oidhreacht Náisiúnta sa Bhreatain le breithniú, mar Airí a bhfuil freagracht fheidmhiúil orainn i ndáil le cúrsai chraolacháin.
Ag cruinniú eile den Chomhdháil Idir-Rialtasach ar 25 Márta, aontaíodh gur chóir go scrúdódh na saineolaithe Eireannacha agus Breataineacha mo phleanna chun Teilifís na Gaeilge a chur ar fáil mar sheirbhís uile-Éireann agus go ndéanfaí tuilleadh oibre ar mholtaí chun an fáil ar theilifís RTE i dTuaisceart Éireann a fheabhsú.
Maidir le cúnamh a bheith ar fáil do Theilifís na Gaeilge ó Thuaisceart Éireann, tá súil agam go spreagfar craoltóirí agus léiritheoirí teilifíse ansin chun cláracha Gaeilge a sholáthar le craoladh ar Theilifís na Gaeilge.
Maidir le túsdáta craolta do Theilifís na Gaeilge, tá sé tugtha le fios do Teach agam i mo chuid feagraí roimhe seo go bhfuil an Rialtas tar éis an fhreagracht maidir le bunú na seirbhíse a leagan ar RTE. Tá Údarás RTE tar éis Comhairle a cheapadh chun comhairle a chur air maidir le gnéithe éagsúla de bhunú agus de riaradh na seirbhíse. Braithfidh an túsdáta craolta ar an dul chun cinn a dhéanfar le mion-conraí an togra. Tuigfidh na Teachtaí gur saothar mór é tógáil an bhonneagair craolacháin do chainéal nua teilifíse. Tá sé i gceist go mbeadh fáil ag tuairim nócha faoin gcéad den daonra ar an tseirbhís ó thús craolta an chainéil nua, rud a léireoidh ón tús an stádas náisiúnta atá le bheith aici. Cé go raibh súil agam go mbeadh ar ár gcumas tús a chur leis na craolta i bhFómhar na bliana 1995, tuigim anois ó RTE go mbeadh sé níos réadúla a bheith ag súil gur go luath sa bhliain 1996 a tharlóidh sé.