Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Jun 1994

Vol. 444 No. 2

Written Answers. - Coláistí Oiliúna Múinteoirí.

Dinny McGinley

Question:

70 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an mbeidh céatadán áirithe d'áiteanna sna Coláistí Oiliúna Múinteoirí curtha in áirithe do dhaltaí Gaeltachta i mbliana mar a bhí anuraidh.

Cuirfear deich faoin gcéad de na háiteanna sna Coláistí Oideachais do bhunmhúinteoirí i leataobh le haghaidh iarrthóirí ón nGaeltacht arís i mbliana; tagann an socrú seo faoin bhforáil speisialta atá i bhfeidhm le roinnt mhaith blianta anois. Ós rud é nach bhfuil an líon iomlán iontrála socraithe go fóill, áfach, ní féidir liom a rá ag an am seo cé mhéid áiteanna a bheidh i gceist.

Top
Share