Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 Jan 1995

Vol. 448 No. 3

Written Answers. - Fóilió le Mapa.

Éamon Ó Cuív

Question:

143 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén uair a chuirfear fóilió le mapa ar fáil do dhuine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe a ordaíodh an 25 Feabhra 1994. [2058/95]

Tugtar le fios dom ag Clártheoir na dTeideal nach bhfuil aon cúntas admhála den iarratas le haghaidh fóilo agus le learscáil i gClárlann na Talún i dtaobh fóilio umhir 4429F de Condae na Gaillimhe. Má theannta san, tá sé curtha in iúl dom ag Cláraitheoir na dTeideal go bhfuil ordúdilseachaín um Coimisiún na Talún i dtaobh na maoine seo, a bhí taiscithe i gClárlann na Talún i mí Lúnasa 1989, ar feitheamh faoi tagairt LR 91656. Cuirtear in iúl dom freisin gurb é polasaí Chlárlann na Talún gach iarracht a dhéanamh comh maith agus is feidir cásanna a dheifriú go hairithe sna cinn gur féidir a chruthiú go bhfuil imthoscanna ar leith ag baint leo, agus breithneofar cásanna da leithéid go háirithe má tugtar sonraí don Cháraitheoir.

Top
Share