Tá riachtanais chalaíochta Thoraí á meas ag mo Roinnse le tamall anuas. Is í an aidhm atá agam ná go mbeidh áiseanna oiriún-acha calaíochta ar Thoraigh a luaithe is féidir chun freastal ar riachtanais na seirbhíse farantóireachta chuig an oileán agus ar riachtanais phobal an oileáin i gcoitinne. Chuige sin ceadaíodh deontas breise lánchostais nach rachaidh thar £150,000 anuraidh (anuas ar chúnamh de £43,600 a íocadh cheana i leith suirbhéanna agus staidéir éagsúla) chun a chumasú do Roinn na Mara suirbhéanna riachtanacha breise, i.e., suirbhé hídreagrafach móide tástáil suímh, a dhéanamh ar an láthair. Bhí gá leis an obair sin chun a chumasú do Roinn na Mara pleananna agus meastachán costais a ullmhú. Cheap Roinn na Mara comhairleoir chun dul i mbun na suirbhéanna breise agus tuigtear go bhfuil dréacht-thurascáil an chomhair-leora á plé ag Roinn na Mara faoi láthair.
Breithneofar an cheist maidir le cúnamh Stáit a cheadú le haghaidh muiroibreacha ar Thoraigh nuair a bheidh pleananna agus meastachán costais don obair ar fáil ó Roinn na Mara. Tá súil agam leis an eolas sin sar i bhfad.