Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 Jan 1995

Vol. 448 No. 3

Written Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Éamon Ó Cuív

Question:

94 D'fhiafraigh Mr. Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad iarratas a fritheadh faoi Scéim na mBóithre Áise i 1993 agus 1994, faoi seach; agus cé mhéad de na bóithre sin ar ceadaíodh deontas dóibh sa dhá bhliain sin. [2057/95]

I 1993 fuar-athas 192 iarratas agus ceadaíodh deontais i leith 107 mbóithre. I 1994 fuarthas 331 iarratas agus ceadaíodh deontais i leith 101 bhóithre.

Top
Share