Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 Jan 1995

Vol. 448 No. 3

Written Answers. - Scéimeanna le Forbairt Gaeltachta.

Robert Molloy

Question:

98 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé eolas ar fáil faoi na scéimeanna atá ag an Aontas Eorpach a d'úsáidfí le haghaidh chur chun cinn fhorbairt fhisiciúil agus eacnamaíochta na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2177/95]

Is trí nó faoi scáth Ranna Stáit ar leith a fheidh-mítear cláracha agus scéimeanna an Aontais Eorpaigh ar mhaithe leis an tír i gcoitinne. Baineann na limistéir Ghaeltachta tairbhe as na cláracha agus as na scéimeanna sin de réir mar a bhaineann siad léi — mar shampla. scéimeanna na Roinne Talmhaíochta agus Bia le haghaidh tionscal na feirm-eoireachta, an Clár Feidhme d'Fhorbairt Tionscail, etc.

Seo a leanas liosta na gcláracha agus na scéimeanna a mbaintear feidhm astu go príomha ag mo Roinnse, Údarás na Gaeltachta, pobal na Gaeltachta agus comhlachtaí Gaeltachta i dtaca le forbairt na Gaeltachta:

An Clár Feidhme d'Fhorbairt Tionscail 1994/1999; An Clár Feidhme don Turasóireacht 1994/1999; An Clár Feidhme d'Acmhainní Daonna 1994/1999; An Clár Feidhme Iascair-eachta 1994/1999; FEOGA; LEADER; NOW; HORIZON; RACE; EUROFORM; INTERREG; SME; PESCA; ADAPT; KALEIDOSCOPE; MEDIA.
Top
Share