Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 Jan 1995

Vol. 448 No. 3

Written Answers. - Fostaíocht Ógra na nOileán Ghaeltachta.

Robert Molloy

Question:

99 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl, i ngeall ar an laghdú ollmhór ar an daonra sna hoileáin Ghaeltachta uile idir 1961 agus 1991, cad atá beartaithe maidir le fostaíocht lánaimseartha a chur ar fáil le haghaidh an aosa óig chun cabhrú leo maireachtaint go seasta ar na hoileáin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2178/95]

Baineann deacrachtaí ar leith le tionscail a bhunú ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta agus bímse ag brath ar Údarás na Gaeltachta — an comhlacht Stáit reachtúil atá bunaithe chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn — chun tograí a aimsiú le lonnú ar na h-oileáin sin. Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl acu chun gnóthais a bhunú/a fhorbairt ar na hoileáin Ghaeltachta agus tá toradh dearfach ag teacht ar an obair sin de reir a chéile. Mar shampla cheadaigh an tÚdarás le bliain anuas trí thioscnamh forbartha ar oileáin Ghaeltachta ina bhfuil thart ar 50 post lánaimseartha iontu móide fostaíocht pháirtaimseartha/shéasúrach chomh maith.

Aithníonn an tÚdarás gur den riachtanas é go gcuirfear deiseanna fostaíochta ar fáil don aos óg le go mairfidh pobail na n-oileán Gaeltachta agus tig leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh an eagraíocht lena gcuid iarrachtaí chuige sin.

Top
Share