Tony Killeen
Question:26 D'fhiafraigh Mr. Killeen den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé beartaíthe ag an Rialtas An Gúm a aistriú ón Roinn Oideachais go dtí an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. [2146/95]
Vol. 448 No. 4
26 D'fhiafraigh Mr. Killeen den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé beartaíthe ag an Rialtas An Gúm a aistriú ón Roinn Oideachais go dtí an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. [2146/95]
Baineann an Cheist seo go príomha leis an Aire Oideachais agus dírím aird an Teachta ar an méid atá ráite sa Chomhaontú Beartais don Rialtas Athnuachana.
Is í an chéad chéim atá le glacadh ná scrúdú a dhéanamh ar acmhainní fóirne An Ghúim ag an Aonad Seirbhísí Bainistíochta de chuid na Roinne Airgeadais agus le déanaí d'iarr an tAire Oideachais ar an Aire Airgeadais an scrúdú sin a chur ar siúl.