Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 Feb 1995

Vol. 448 No. 4

Written Answers. - Freagra i mBéarla ar Litir i nGaeilge.

Trevor Sargent

Question:

29 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an nglacann sé leis gur botún a bhí ann litir Bhéarla faoi scéim chun forbairt chultúrtha a spreagadh a chur chuig Conradh na Gaeilge i nGaillimh tar éis d'oifigeach de chuid an Chonartha an t-eolas a lorg trí Ghaeilge agus an gceapann sé gur cheart polasaí na Roinne maidir le cearta teanga a leasú dá bharr; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1544/95]

Glacaim leis gur botún a bhí ann an litir a luann an Teachta a sheoladh amach. Tharla sé seo trí dhearmad ag am den bhliain nuair a bhí cuid mhaith d'fhoireann mo Roinne-se ar saoire. Bhíothas ag iarraidh líon mór foirmeachta iarratais agus treoirlínte dátheangacha a bhain leis na Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-1999 a sheoladh amach roimh dheireadh na bliana agus is amhlaidh gur cuireadh amach an leagan mícheart den litir—a bhí scríofa i nGaeilge agus i mBéarla— i líon beag cásanna.

Tá leathscéal pearsanta gafa ag Rúnaí mo Roinne-se faoin dearmad le gach duine a fuair an leagan mí-cheart den litir. Tig liom a dhearbhú nach raibh an méid a tharla i gcomhréir le polasaí mo Roinne-se i ndáil le húsáid na Gaeilge agus go ndéanfar gach dícheall chun a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.

Top
Share