Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 4 agus 5 a thabhairt le chéile.
Foilsíodh an Clár Oibríochta le haghaidh Forbairt Áitiúil Uirbeach agus Tuaithe ar an 2 Feabhra 1995. Tá Fo-Chlár na Limistéar faoi Mhí-bhuntáiste faoin gClár sin i ngníomh anois agus tá na limistéir faoin bhFo-Chlár fógraithe freisin. Tá dul chun cinn maith déanta ag bunú structúr comhpháirtíochta sna limistéir seo.
Is é cuspóir don Chlár Forbartha Áitiúil ná forbairt eacnamaíochta agus sóisialta a chur ar siúl ag an leibhéal áitiúil agus an pobal a ghríosadh le páirt ghníomhach a ghlacadh san fhorbairt sin. Is féidir aird ar leith a thabhairt ar limistéir nó pobail ar leith taobh istigh de limistéir ainmnithe ach ní bhuntáiste ar bith é iad a dheighilt amach ón mórlimistéar lena ngabhann siad.
Tá 35 limistéar ainmnithe mar limistéir faoi mhíbhuntáiste faoin gClár. I gcás formhór na limistéar ina bhfuil ceantair tuaithe i gceist, tá an contae iomlán ainmnithe. Sin é an tslí is éifeachtaí chun dul i ngleic le míbhuntáiste tuaithe mar go mbíonn a leithéid níos scaipthe ná mar a bhíonn i gcás limistéar uirbeach.
Caithfear costas a chur san áireamh freisin óir ní bheadh sé tíosach chor ar bith dá mbeadh trí structúr comhpháirtíochta ann agus iad ar leithligh óna chéile go hiomlán, laistigh de chontae singil amháin.
Nuair a fógraíodh na limistéir ainmnithe i dtosach faoin gclár forbartha áitiúil léiríodh na limistéir a raibh sé mar sprioc forbairt a dhéanamh orthu faoin gClár. Sonraíodh Cathair na Gaillimhe, Conamara agus oirthear na Gaillimhe mar sprioc-cheantair sa chéad fhógra a cuireadh amach. Sonraíodh ann freisin go socrófaí teorainneacha beachta don limistéar trí dhul i gcomhairle leis an bpobal áitiúil — dhéanfadh an Fhoireann Comhoirdníochta Náisiúnta an méid sin. Is é toradh an phróiséis seo ná an moladh go n-oibreoidh Cathair na Gaillimhe mar limistéar comhpháirtíochta amháin agus go n-ainmneofaí an contae ina iomláine mar limistéar singil.
Beidh Conamara agus Oileáin Árann mar chuid de limistéar ainmnithe Chontae na Gaillimhe. Cuirfidh na socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí san áireamh na riachtanais sonracha sna limistéir éagsúla laistigh dá dteorainneacha agus cuirfidh siad gníomhaíochtaí ar bun chun freastal ar na riachtanais sin. Tabharfar aird ar leith ar riachtanais na n-oileán sna socraithe comhpháirtíochta do Chontae na Gaillimhe. Beidh freastal sna struchtúir seo ar an ngá atá ann le socraithe cuí a chinntiú i gcás na limistéar Gaeltachta.