Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 5, 16, 29, 39 agus 52 le chéile.
Tá na huasdheontais seo leanas ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) faoi láthair:
Deontas
|
Mórthír
|
Oileáin áirithe Ghaeltachta
|
|
£
|
£
|
Teach Nua
|
4,000
|
6,000
|
Feabhsucháin
|
3,000
|
4,500
|
Díon Tuí
|
2,300
|
3,450
|
Tá an deontas tógála i bhfeidhm ó mhí Feabhra 1993 agus an deontas feabhsúcháin ó mhí Lúnasa 1987. Tá an deon tas breise díon tuí bhfeidhm ó mhí Aibreán 1990.
Níl sé beartaithe agam athruithe sonracha a dhéanamh faoi láthair ar leibhéal na ndeontas atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).
Go deimhin, cuireann sé iontas orm an méid imní atá a léiriú ag an oiread sin Teachtaí de chuid Fhianna Fáil faoi na deontais sin ag an bpointe seo, agus gan ach roinnt míonna imithe ó ghearr a gcomhleachaithe a bhí ag gníomhú mar Rialtas ag an am na putóga as na meastacháin tithíochta céanna ar 29 Samhain 1994. B'fhéidir nach gcreidfeadh daoine go mbaineann na Teachtaí seo leis an bpáirtí céanna a ghearr £800,000 — breis agus 63 faoin cead — as na meastacháin tithíochta Gaeltachta a bhí aontaithe do 1995, rud a chiallódh go mbeadh deireadh leis na deontais feabhsúcháin tithe. Bhí ormsa, mar thoradh ar sin, cuid mhór ama agus oibre a chaitheamh ó d'fhill mé ar an Roinn roimh Nollaig ag iarraidh an t-airgead sin a fháil ar ais, i dtreo is go mbeadh dóthain airgid ar fáil do na deontais tithíochta Gaeltachta i 1995.