Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Mar 1995

Vol. 450 No. 3

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Pádraic McCormack

Question:

97 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéid teaghlaigh a thuill an deontas faoi scéim Labhairt na Gaeilge sa scoilbhliain 1993/1994; cé mhéid airgid a d'íoc an Roinn faoin scéim seo i leith na scoilbhlianá sin; agus an féidir leis briseadh síos de réir na gContae a chur ar fáil. [5207/95]

Faoi mar a thug mé le fios i bhfreagra ar Cheist Dála Uimh 33 ar 2 Márta 1995, íocadh deontas faoi scéim Labhairt na Gaeilge le 2,973 teaghlaigh sa Ghaeltacht san scoilbhliain 1993-94.

Seo leanas briseadh síos de réir contae ar an gcaiteachas agus ar an líon teaghlach a thuill an deontas.

Contae

Caiteachas

Teaghlaigh

£

£

Dún na nGall

118,900

1,027

Maigh Eo

14,650

156

Gaillimh

164,150

1,300

Ciarraí

34,700

327

Corcaigh

8,150

92

Port Láirge

3,750

42

An Mhí

2,800

29

Tá roinnt iarratais don scoilbhliain 1993-94 le glanadh go fóill.
Top
Share