Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Mar 1995

Vol. 450 No. 3

Written Answers. - Coláiste Samhraidh.

Pádraic McCormack

Question:

96 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é méid an deontais a íocann a Roinn i leith gach dalta a dhéanann freastal ar chúrsa Gaeilge i gColáiste Samhraidh sa Ghaeltacht; cén bhliain dheireanach ar méadaíodh an deontas; agus an bhfuil sé ar intinn air an deontas a mhéadú i mbliana. [5206/95]

Faoi mar a fógraíodh le déanaí, tá méadú ó £3.50 go £4 in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae ceadaithe i mbliana sa deontas a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta lena mbíonn foghlaimeoirí Gaeilge a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht ar iostas. Níor méadaíodh an deontas cheana ó 1990.

Top
Share