Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Mar 1995

Vol. 450 No. 8

Written Answers. - Tionscnamh Fruit of the Loom.

Mary Coughlan

Question:

94 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cá huair a thabharfar airgead d'Údarás na Gaeltachta i gcomhair tionscnamh Fruit of the Loom ar an Chlochán Liath. [5946/95]

Tá an chomhlacht sin i mbun gnó ar an gClochán Liath, le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta, ó 1994. Tá togra ón Údarás ar airgead breise chun mórfhorbairt a dhéanamh ar an tionscal á bhreithniú i láthair na huaire. Beidh gá le toiliú an Rialtais don chaiteachas i gceist agus déanfar cinneadh sa chás a luaithe is féidir.

Top
Share