Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 23 Mar 1995

Vol. 451 No. 1

Written Answers. - Teastas Sóisearach.

Éamon Ó Cuív

Question:

41 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cé hiad na pleananna atá aici le béaltriail na Gaeilge a chur ar siúl mar chuid den Teastas Sóiseareach; agus an bhfuil sí sásta raiteas a dhéanamh ina thaobh. [6243/95]

Tá Beáltriail dheonach Ghaeilge ar fáil sa Teastas Sóisearach agus is féidir í a reáchtáil de réir na dtreoirlínte iomlána a chur an Roinn ar fáil do na scoileanna. Ní mór iad na scoileanna, áfach, a ghlacann an rogha seo. Fágann sin gur tríd an Scrúdú cluastuisceana is mó a thástáltar cumas na ndaltaí sa teanga labhartha — tástálann an Scrúdú Cluastuisceana sin na Scileanna éisteachta agus tuisceana le chéile agus is cuid suntasach den Scrúdú iomlán é. Tá beartaithe scrúdú iomlán cainte a bheith ann chomh luath agus is féidir ach ní féidir liom a rá ag an bpointe seo gur féidir a leithéid a thabhairt isteach sa scoilbhliain 1995/1996.

Is é an bac is mó ar bheálscrúdú Gaeilge ag an leibhéal seo ná go mbrathann sé ar shocruithe a chaithfí a chomhaontú le haghaidh measúnú scoilbhunaithe. Dá ndéanfaí ar aon bhealach eile é bheadh cur isteach nach bhféadfaí glacadh leis sna scoileanna agus gearradh siar ar am teagaisc. Go fóill beag níor thángthas ar chóras measúnaithe scoilbhunaithe a mbeadh gach duine sásta leis.

Top
Share