Éamon Ó Cuív
Question:70 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil airgead á cheadú le caoi a chur ar Chéibh an Locháin Bhig i gCois Fharraige, Conamara. [6443/95]
Vol. 451 No. 2
70 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil airgead á cheadú le caoi a chur ar Chéibh an Locháin Bhig i gCois Fharraige, Conamara. [6443/95]
Scrúdaíodh an togra seo i 1985 agus measadh ag an am sin go gcosnódh sé £85,000 chun tonnclosc a thógáil. Rinneadh cinneadh sa bhliain 1988 nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis an obair de bharr srianta airgeadais.
Le tamall anuas tá athbhreithniú ar siúl faoin togra agus nuair a bheidh toradh an athbhreithniú sin ar fáil déanfaidh me cinneadh sa chás.