Tógfaidh me Ceisteanna 11 agus 29 le chéile.
Déantar caiteachas Údarás na Gaeltachta ar thógáil a airgeadú as cuid den soláthar a chuireann mo Roinnse ar fáil faoi fhomhírcheann I.3 den Vóta (£6.25 milliún i mbliana) móide an teacht isteach a bhíonn acu féin (£1 milliún nó mar sin i mbliana). As an £7.25 milliún san iomlán, meastar go gcaithfear timpeall £1.5 milliún ar scaireanna i gcuideachtaí, rud a fhágfaidh thart ar £5.75 milliún le caitheamh ar thógáil agus ar shócmhainní agus maoin a cheannach.
Níl clár tógála an Údaráis le haghaidh 1995 socraithe ina iomlán ag an Údarás go fóill. Mar eolas do na Teachtaí críochnaíodh suas le 1,750 méadar cearnach de spás nua monarchan i 1995.
Thoiligh an Rialtas le déanaí le togra chun monarcha nua de 6,682 méadar cearnach a thógáil do thogra sonrach ar an gClochán Liath, Contae Dhún na nGall a mheastar a chuirfidh 520 post lánaimseartha ar fáil roimh dheireadh na bliana 1999. Beidh gá le Meastachán Forlíontach a chur os comhair na Dála ar ball maidir leis an airgead breise sin.