Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 May 1995

Vol. 453 No. 4

Written Answers. - Beairic an Mháma (Gaillimh).

Éamon Ó Cuív

Question:

38 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Airgeadais an bhfuil aon socruithe déanta maidir le Beairic an Mháma i gContae na Gaillimhe a chur ar fáil, ar choinníollacha, don Choiste Pobail mar ionad pobail agus an bhfuil sé sásta ráiteas a dhéanamh ina thaobh. [7254/95]

Cuireann Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in iúl dom go bhfuil sé ar intinn acu stáisiún nua a chur in ionad stáisiún na ngardaí atá faoi láthair ag an áit sin. Ní fios go fóill an mbeidh an sean-fhoirgneamh iomarcach do riachtanaisí an Stáit. Cé go bhfuil sé mar polasaí seasta ag na Coimisinéirí, maoin stáit iomarcach ar bith a thairiscint le díol ar an mhargadh oscailte, sa chás nach mbeidh foirgneamh an stáisiúin atá ann faoi láthair ag teastáil, beidh na Coimisinéirí ag dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt agus leis an Aire Airgeadais i leith a dhíol.

Top
Share