Trevor Sargent
Question:37 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ar mhaith leis go síneoidh an Rialtas Cairt Eorpach na dTeangacha Neamhfhorleathana. [9865/95]
Vol. 453 No. 7
37 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ar mhaith leis go síneoidh an Rialtas Cairt Eorpach na dTeangacha Neamhfhorleathana. [9865/95]
D'fhéadfadh impleachtaí a bheith ann do stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach dá síneofaí Cairt Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh. Ní foláir, mar sin, an cheist maidir leis an gCairt a shíniú a mheas go gcúramach i gcomhthéacs na ceiste faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach sa todhchaí. I dtaca leis an ábhar áirithe sin dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug an Tanáiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha ar Cheist Dála ar 31 Eanáir 1995 (colún 612 de na Díospóireachtaí Dála).