Éamon Ó Cuív
Question:51 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth nach raibh aon altanna i nGaeilge san iris dar teideal Inside Education a d'fhoilsigh a Roinn le gairid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9183/95]
Vol. 454 No. 1
51 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth nach raibh aon altanna i nGaeilge san iris dar teideal Inside Education a d'fhoilsigh a Roinn le gairid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9183/95]
An iris a ndearna an Teacha tagairt di, is iris inmheánach le haghaidh fhoireann na Roinne go bunúsach í, cé go gcuirfeadh léitheoirí eile spéis inti chomh maith.
Mar a deirtear san eagarfhocal, réitíodh an chéad eagrán go mór ar bhonn trialach. Cé nach raibh alt as Gaeilge sa chéad eagrán beidh ábhar as Gaeilge sna heagráin a fhoilseofar feasta agus ba í sin an aidhm a bhí i gcónaí ann.