Tá Ceantair Oidhreachta Nádúrtha molta le roghnú ar fud na tíre, ar a n-áirítear ceantair Ghaeltachta, bunaithe ar an taighde eolaíochta is fearr atáar fáil, ionas go mbeadh cosaint speisialta acu in aghaidh forbairtí a d'fhéadfadh tionchar neamhfhabhrach a bheith acu ar ghnáthóga agus gnéithe atá i mbaol.
Ní miste a rá nach n-ainmneofar ceantair mar Cheantair Oidhreachta Nádúrtha go dtí go mbeidh an tAcht um Fhiadhúlra, 1976, leasaithe ag an Oireachtas.
Is polasaí de chuid an Aontais Eorpaigh agus de chuid na tíre seo go gcaithfí forbairtí a bhfuil deontais á lorg ina leith a bheith comhoiriúnach le caomhnú na timpeallachta. De bharr nádúr na talún, maraon leis na gnáthóga agus na gnéithe atá le fáil ann, beidh cásanna ann nuair nach mbeidh talamh atá lonnaithe i gCeantair Oidhreachta Nádúrtha cáilithe le haghaidh deontais.
Tá iarrtha ar na húdaráis áitiúla an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fhiadhúlra a chur ar an eolas maidir le forbairtí atá beartaithe agus a d'fhéadfadh tionchar neamhfhabhrach a bheith acu ar na Ceantair Oidhreachta Nádúrtha atá molta le roghnú. Tabharfaidh an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a cuid tuairimí faoi acmhainn na bhforbairtí atá beartaithe chun damáiste a dhéanamh don timpeallacht agus, más gá, beidh deis ag an tseirbhís cur i gcoinne tograí tríd an gcóras pleanála.