Is faoi FÁS a thagann an Córas Printíseachta Náisiúnta. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn sé mar bheartas aige gur i nGaeilge ba chóir a reachtálfaí gach cúrsa printíseachta a mbíonn baint aige leis; go gcuireann FÁS méid áirithe de na cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge ach nach leor a líon; go ndéanann an córas printíseachta freastal an-mhaith ar riachtanais dhaonchumhachta na Gaeltachta agus ar riachtanais na bprintíseach féin ó thaobh scileanna, ceird, cáilíocht agus poist a bhaint amach; go gcoinníonn sé an raon de chúrsaí printíseachta agus ceirde atá ar fáil faoi bhreithniú; agus i gcásanna cuí, go gcuirtear cúrsaí ar fáil lasmuigh de chóras na bpríntíseach chun freastal ar riachtanais (sna cursaí áirithe seo cuirtear béim mhór ar an nGaeilge agus freastalaíonn siad ar riachtanais cainteoirí Gaeilge na Gaeltachta).