Tá staitisticí maidir le húsáid na Gaeilge le fáil i dtuarascáil de chuid Institiúid Teangeolaíochta na h-Éireann dar teideal "Suirbhé Náisiúnta ar Theangacha 1993: Réamhthuarascáil (ITÉ 1993)". Mar shampla deireann: — breis is an triú cuid de dhaoine fásta gur cainteoirí Gaeilge iad — thart ar 10 faoin gcéad de dhaoine fásta gur úsáid siad Gaeilge sa tseachtain roimhe sin — thart ar 40 faoin gcéad de dhaoine fásta go mbreathnaíonn siad ar chláracha i nGaeilge ar an teilifís — thart ar 31 faoin gcéad de dhaoine fásta go n-éistíonn siad le Raidió na Gaeltachta nó cláracha Gaeilge ar an raidió; agus — thart ar 16 faoin gcéad de dhaoine fásta go léann siad ailt i nGaeilge sna nuachtáin laethúla.
Beidh ceist maidir le minicíocht úsáidte na Gaeilge sa Daonáireamh i mbliana a thabharfaidh eolas breise faoin scéal.
Aithnítear i gClár an Rialtais chun Athnuachana gur gá, má táthar chun úsáid na Gaeilge a leathnú, go mbraithfeadh an pobal go gcuirfí fáilte roimh aon saoránach a bheidh ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge. Tá feachtas ar siúl chun feabhas a chur ar an bhfáil atá ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge sa Státchóras.