Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Feb 1996

Vol. 461 No. 5

Written Answers. - Eagraíochtaí Gaeilge.

Trevor Sargent

Question:

32 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ar an athbhreithniú atá ar bun faoi na heagraíochtaí deonacha Gaeilge agus an bhfuil plean aige a leithéid a dhéanamh leis an heagraíochtaí Stáit Gaeilge chomh maith. [3215/96]

Is ar 17 Eanáir a d'fhógair mé go raibh mé tar éis Coimisiún a bhunú — i gcomhréir le gealltanas a tugadh sa Chlár don Rialtas le haghaidh Athnuachana — chun ról, struchtúr, éifeachtacht agus comhpháirtíocht na n-eagras deonacha Gaeilge, a fhaigheann cúnamh bliantúil ón Stát, a bhreithniú. Tá an Coimisiún sin i mbun oibre cheana féin agus táim ag súil le moltaí uaidh faoi dheireadh Bealtaine.

Maidir leis na heagrais Stáit Gaeilge faoi scáth mo Roinne bíonn a ról siúd á bhreithniú agam ar bhonn leanúnach agus i gcomhthéacs an Tionscnaimh faoi Bhainistíocht Stráitéiseach (Strategic Management Initiative) tá an cheist á bhreithniú ag mo Roinnse.
Top
Share