Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Feb 1996

Vol. 461 No. 5

Written Answers. - Gaelic Seafoods.

Éamon Ó Cuív

Question:

49 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na céimeanna a thóg sé le háiteamh ar Gaelic Seafoods gan a gceanncheathrú a athrú ó Charna go Cathair na Gaillimhe. [1547/96]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go ndearnadh treániarrachtaí d'fhonn a áiteamh ar phríomhaithe an chomhlachta i gceist ceannoifig an ghnóthais a fhágáil sa Ghaeltacht in ionad í a aistriú go dtí Cathair na Gaillimhe. Chuir an tÚdarás a míshuaimhneas agus a míshásamh faoin mbeartas in iúl don chomhlacht i scríbhinn agus ina theannta sin bhí cruinniú idir ardbhainistíocht an Údaráis agus na príomhaithe — ag a raibh ionadaithe ón gcoiste pobail áitiúil i láthair — chun iarracht a dhéanamh a chur ina luí ar na príomhaithe gan an oifig a aistriú. D'ainneoin na n-iarrachtaí uile shocraigh na príomhaithe an t-aistriú a chur i bhfeidhm.

Cé gur cúis dhíoma dom an t-aistriú oifige tuigim ón Údarás go bhfuil athfhorbairt le déanamh ag an gcomhlacht seo ar chuid dá ghnó i gceantar Carna a chruthóidh thart ar 6 phost breise ann.

Top
Share