Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Feb 1996

Vol. 461 No. 5

Written Answers. - Departmental Staff.

Ivor Callely

Question:

90 Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the current number of personnel working in his ministerial offices and the office of his Minister(s) of State; the number of personnel that have been seconded or employed on a non-established contract basis; the competition process for filling such positions; the advertisements, if any, made regarding these appointments; and if he will make a statement on the matter. [3299/96]

Tá sé duine dhéag ag obair i m'oifigí — idir oifig phríobháideach agus oifig dháilcheantair. Seo a leanas sonraí faoi chúigear atá ceaptha ar bhonn chonartha:

Post

Modh cheaptha

Clár Reachtaire

Roghnaithe agus ceaptha agam féin

Comhairleoir Speisialta

Roghnaithe agus ceaptha agam féin

Cúntóir Pearsanta

Ar iasacht ó Thithe an Oireachtais

Rúnaí Pearsanta

Agallamh tar éis gearrliosta a dhéanamh ar liosta ainmneacha a fuar-thas ó FÁS

Cúntóir Cléireachais Cló

Duine de sheachtar atá ag obair i mo Roinnse go dtí go mbeidh Coimisiún na Státseirbhíse in ann clóscríobhaithe le Gaeilge líofa a sholáthar. Cheap mo Roinnse an duine seo de thoradh agallamh tar éis gearrliosta a dhéanamh ó liosta ainmeacha a fuarthas ó FÁS

Tá beirt ag obair in Oifig Phríobháideach an Aire Stáit. Níl aon duine acu ar chonradh ná ar iasacht.
Top
Share