Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Feb 1996

Vol. 461 No. 5

Written Answers. - Droichead Inis Ní, Contae na Gaillimhe.

Éamon Ó Cuív

Question:

91 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte aige ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar airgead le caoi a chur ar Dhriochead Inis Ní i gCloch na Rón, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3321/96]

Tuigim go bhfuil dearadh agus meastachán costais don obair chun droichead nua a thógáil ag Inis Ní á n-ullmhú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Os rud é go mbeadh costas ollmhór i gceist sa chás tuigfidh an Teachta gur ón Roinn Comhshaoil a gcaitheadh an Chomhairle Contae cúnamh a lorg.

Top
Share