Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Feb 1996

Vol. 461 No. 6

Written Answers. - Scoil Chuimsitheach Chiaráin.

Máirín Quill

Question:

124 D'fhiafraigh Miss Quill den Aire Oideachais an bhféadfadh sí tuarascáil a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta ar na nithe ar fad a luadh maidir le Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe, sa díospóireacht ar an atráth sa Dáil an 21 Samhain 1995; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3509/96]

Tá an tuarascáil a rinneadh tagairt di sa Díospóireacht ar an Athráth curtha faoi bhráid mo Roinne agus tá sí á scrúdú faoi láthair.

Ionus gur féidir measúnú níos iomláine a dhéanamh ar riachtanais spáis i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua tabharfaidh oifigeach ó mo Roinn cuairt ar an scoil go luath sa tseachtain seo chugainn.

Déanfaidh an Roinn teagmháil le Bord Bainistíochta na Scoile tar éis iniúchadh a dhéanamh ar an méasúnú sin.

Top
Share