Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 20 Feb 1996

Vol. 461 No. 7

Written Answers. - Remote Area Boarding Grants.

Éamon Ó Cuív

Question:

52 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén mhéad gasúir nach bhfuair an remote area boarding grants iomlán i scoilbhliain 1994/1995 agus 1995/1996 faoi sheach; agus cé mhéad de na gasúir sin a bhí i gcónaí ar Oileáin gan droichead amach ón gCósta. [3624/96]

Éamon Ó Cuív

Question:

54 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén mhéad gasúir a mheastar anois a bheidh fós ós cionn na teorann ioncaim nua atá molta aici don remote area boarding grants agus cé mhéad de na gasúir sin atá i gconaí ar Oileáin gan droichead amach ón gCósta. [3623/96]

Tá sé ar intinn agam Ceist 52 agus Ceist 54 a fhreagairt le chéile.

Sa scoilbhliain 1994-95 fuair dhá dhalta is tríocha páirtdeontas faoin Remote Area Boarding Grants Scheme. Ba as na hoileáin amach ón gcósta duine is tríocha de na daltaí sin.
Go dtí seo san scoilbhliain 1995-96, fuair cúig dhalta is fiche páirtdeontas. Is as na hoileáin amach ón gcósta ceithre dhuine is fiche de na daltaí sin.
Tá scéimeanna den chineál céanna á reáchtáil ag coistí gairmoideachais áirithe ach níl teacht éasca ag an Roinn seo agamsa ar na staitisticí cuí.
Moladh le déanaí i dTuarascáil an Choiste Idir-Ranna Comhordaithe um Fhorbairt Oileán go ndéanfaí an tairseach maidir leis an Deontas Aíochta i Réigiúin Iargúlta a ardú i gcomhréir leis na teorainneacha do liúntais chothabhála don tríú leibhéal. Glacann an Rialtas leis an moladh sin agus ta socruithe lena chur i bhfeidhm á mbeartú ag mo Roinnse. Nuair a bheidh iarratais faoin scéim leasaithe scrúdaithe, beidh mé in ann an fhaisnéis atá á lorg ag an Teachta a chur ar fáil dó.
Top
Share