Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Feb 1996

Vol. 462 No. 2

Written Answers. - Gaelscoil Mhic Amhlaigh (Gaillimh).

Robert Molloy

Question:

175 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an mbeadh sí sásta suíomh a cheannach ó Bhardas na Gaillimhe le haghaidh foirgnimh nua do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh ag Cnocán na Cathrach, Gaillimh, agus an ndéan-faidh sí ráiteas ina thaobh. [4538/96]

Táim sásta suíomh a cheannach ó Bhárdas na Gaillimhe le haghaidh foirgneamh nua do Ghaeilscoil Mhic Amhlaigh ar choinníollacha áirithe. Caithfidh go mbeadh an praghas reasúnta, go mbeadh an teideal glan, go mbeadh bealach isteach oiriúnach agus go mbeadh cead pleanála iomlán ar fáil.

Caithfidh mé a rá nach bhfuil tionscnamh foirgníochta do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh curtha san áireamh i gclár airgeadais reatha na Roinne do thionscnaimh foirgníochta.

Top
Share