Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Mar 1996

Vol. 463 No. 1

Written Answers. - Cúnamh Ó Údarás na Gaeltachta d'Oileáin Ghaeltachta.

Robert Molloy

Question:

68 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh se in iúl cé mhéad tionscnamh forbartha ar oileáin Ghaeltachta a cheadaigh Údarás na Gaeltachta i 1995 agus cé mhéad postanna lánaimseartha a cruthaíodh i ngach aon cheann de na hoileáin Ghaeltachta i 1995; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5796/96]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur ceadaíodh cúnamh i leith 39 dtogra beag ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta i 1995 agus gur cruthíodh 32 phost lánaimseartha i dtionscnaimh ar cheithre oileán mar seo a leanas:

Oileán

Líon Post

Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

12

Inis Mór, Árainn, Co. na Gaillimhe

4

Inis Oirr, Árainn, Co. na Gaillimhe

7

Cléire, Co. Chorcaí

7

An tIomlán

32

Tuigtear ón Údarás go raibh cailliúint do 17 post lánaimseartha i rith na bliana rud a fhágann glan mhéadú do 15 post lánaimseartha. Bhí glan mhéadú feisin do 12 ar líon na bpostanna páirtaimseartha/séasúrach.
Ar 31 Nollaig 1995 bhí 113 dhuine fostaithe go lánaimseartha chomh maith le 194 dhuine go páirtaimseartha/ séasúrach ar na hoileáin Ghaeltachta uile amach ón gcósta.
Top
Share