Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Mar 1996

Vol. 463 No. 1

Written Answers. - Scéimeanna Bóithre Áise sa Ghaeltacht.

Robert Molloy

Question:

67 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh sé in iúl cad iad na feabhsuithe a bhí i gceist aige do scéim na mboithre áise a luaigh sé i gCeist Dála 2 Márta, 1995; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5795/96]

Robert Molloy

Question:

77 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad tá i ndán do scéimeanna bóithre áiseanna i 1996; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi thodhcaí na scéime seo. [5805/96]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 67 agus Uimh. 77 le chéile.

Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 14 ar 26 Aibreán 1995 is é an córas a bhí i bhfeidhm i 1995 i dtaca le Scéim na mBoithre Áise ná gur roinneadh an tsuim a bhí le dáileadh ag mo Roinnse le haghaidh bóithre a fheabhsú agus a dheisiú sa Ghaeltacht de réir daonra ar na contaetha ina bhfuil limistéir Ghaeltachta. Rinneadh socruithe ar leith i gcás Contae na Mí agus Contae Phort Láirge — contaetha ina bhfuil ceantair bheaga Gaeltachta.
As na hiarratais cháilithe a fuarthas roghnaigh foireann stiúrthóireachta mo Roinne na bóithre a raibh deontais le ceadú ina leith de réir na gcritéar a leanas:
—tábhacht an bhóthar don cheantar;
—staid na Gaeilge;
—riachtanas na hoibre; agus
—costas na hoibre.
Faoi mar is eol don Teachta níl soláthar i Vóta mo Roinne i mbliana le haghaidh caiteachais ar bhóithre Gaeltachts.
Is ceist go príomha don Roinn Comhshaoil agus do na Comhairlí Contae iomchuí í staid na mbóithre sa Ghaeltacht.
Nuair a bheidh cúrsaí níos soiléire thart faoi lár na bliana seo maidir le caiteachas mo Roinne i 1996 ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht, breithneofar an scéal tuilleadh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féachaint an féidir soláthar éigin a chur ar fáil i mbliana chun bóithre áise agus bóithre portaigh sa Ghaeltacht a fheabhsú.
Top
Share