Robert Molloy
Question:74 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar na deontais tithíochta sa nGaeltacht de bharr na harduithe atá tagtha ar chostais tógála sa nGaeltacht le roinnt blianta; agus an mbeidh sé i gceist iad a choinneáil ar comhchéim leis an ráta boilscithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5802/96]