Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Mar 1996

Vol. 463 No. 1

Written Answers. - Íocaíocht do Mhná Tísa Ghaeltacht.

Robert Molloy

Question:

75 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén íocaíocht a bhí ar fáil do mhná tí i leith daltaí a bhíonn ag freastal ar chúrsaí Samhraidh sa nGaeltacht i 1995 agus cén íocaiocht a bheidh ar fáil i 1996; an méid iomlán a caitheadh ar an scéim seo i 1995; an costas iomlán a mheastar le haghaidh 1996; líon iomlán na daltaí a bhain tairbhe as na scéim seo i 1995 agus 1985; agus an gcuirfeadh sé in iul a pholasaí i leith thodhchaí na scéime seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5803/96]

I 1995 d'íoc mo Roinnse deontas £4.00 in aghaidh an lae i leith foghlaimeoirí cáilithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus beidh an deontas céanna i bhfeidhm i 1996.

Bhí caiteachas £1,880,854 i gceist faoin scéim i 1995 agus meastar go gcaithfear beagnach £2 milliún uirthi i mbliana.

I 1985 bhain 16,945 foghlaimeoirí tairbhe as an scéim agus i 1995 bhí 23,534 foghlaimeoirí i gceist.

Anuraidh rinne grúpa beag oibre, comhdhéanta d'ionadaithe ó mo Roinn féin agus ón Roinn Oideachais, le Cathaoirleach neamhspleách, athbhreithniú bunúsach ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge Samhraidh. Tá an t-athbhreithniú sin críochnaithe anois agus tá tuarascáil chuimsitheach ón ngrúpa á scrudú ag an dá Roinn i láthair na huaire.

Top
Share