Ceapadh leachtaitheoir ar Éadach Chonamara Teo — fochomhlacht faoi lánúinéireacht Údarás na Gaeltachta — ar 28 Eanáir 1991 agus íocadh pá iomarcaíochta reachtúil leis na hoibrithe sa chomhlacht sin a chaill a gcuid post. Ó 1986 i leith is é beartas an Stáit i dtaca le comhlachtaí tráchtála Stáit gan íocaíochtaí de bhreis ar na suimeanna reachtúla a íoc i gcás iomarcaíochta de bharr dhúnadh gnóthais nuair is glaneasnaimh atá ann ar scor dó.
Is glaneasnamh a bhí ann nuair a scoir Éadach Chonamara Teo agus mar sin níorbh fhéidir íocaíochtaíde bhreis ar na suimeanna reachtúla a dhéanamh sa chás.
Seasann an scéal amhlaidh i gcónaí.