Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 May 1996

Vol. 465 No. 3

Written Answers. - Scoil Chuimsitheach Chiaráin (Ceathrú Rua).

Robert Molloy

Question:

58 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an gcuirfidh sí in iúl cad iad na dátaí a thug oifigigh ón Roinn Oideachais cuairt ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin sa gCeathrú Rua i gContae na nGaillimhe i 1995 agus 1996. [9587/96]

Máirín Quill

Question:

73 D'fhiafraigh Miss Quill den Aire Oideachais an gcuirfidh sí in iúl cé na céimeanna atá tógtha ag a Roinn go dtí seo agus a thógfar amach anseo maidir le hobair fheabhsúcháin ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe, ón am ardaíodh an cás ar Atráth an Dála. [9589/96]

Tá beartaithe agam Ceisteanna Uimh. 58 agus 73 a thógaint le chéile.

Ar 21 agus 26 Feabhra 1996, leith ar leith, thug Suirbhéir Cainníochta agus Ailtire de chuid mo Roinne cuairt ar Scoil Chuimsitheach, An Cheathú Rua.

Tá iarrtha ar an Ailtire Comhairleach tuairisc a sholáthar, chomh maith le Plean Indéantachta, faoi conas is fearr freastal ar riachtanaisí cóiríochta na scoile. Nuair a bheidh an tuairisc sin ar fáil agus breithnithe ag an Roinn cuirfear scéala chuig bord bainistíochta na scoile.

Top
Share