Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 May 1996

Vol. 465 No. 3

Written Answers. - Gaelscoil Mhic Amhlaigh.

Robert Molloy

Question:

62 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an bhfuil plean forbartha Campus Pobail Ghaelscoil Mhic Amhlaigh faighte aici; má tá, an bhfuil sí sásta tacaíocht a thabhairt don phlean; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9588/96]

Fuaireas Plean Forbartha Ghaelscoil Mhic Amhlaigh agus aontáim le gnéithe oideachasúla an phleain sin. Deimhním, freisin, go bhfuil tionscnamh foirgníochta don scoil seo curtha san áireamh i gcomhair pleanála i gclár tógála na Roinne don bhliain seo.

'Sé an chéad chéim ná suíomh oiriúnach a cheannach. Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn sásta an suíomh atá aithnithe ag údaráis na scoile a cheannach ar choinníollacha áirithe. Beith mo Roinn i dteangmháil leis an scoil maidir leis an tionscnamh.

Top
Share